Cuirimid réimse ranganna tar éis am scoile ar fáil a bhaineann an-chuid scoileanna leas as. Is iad seo a leanas na roghanna iontacha atá ar fáil againn:
Ceoltóirí Óga
Is rang réamh-uirlise é an rang seo, dírithe ar pháistí atá idir ceithre and seacht mbliana d’aois. Trí chluichí ceoil, amhránaíocht, cnaguirlisí agus ag éisteacht agus ag foghlaim faoi cheol ó gach cúinne den domhain, faigheann gach páiste deis iontach a bheith spreagtha sa cheol agus forbairt a theacht ar a gcuid spéise sa cheol.
Bíonn na ranganna ar fad bunaithe i ngrúpaí. An sprioc a bhaineann leis na gníomhaíochtaí difriúla seo ná an fheasacht ceoil atá acu a spreagadh.
Tríd Éist & Freagair, ag foghlaim faoi uirlisí ceoil difriúla, ag foghlaim faoin bpost atá ag an stiúrthóir, an chumadóireacht agus an deis ceol a sheinm gach seachtain, forbraíonn grá don cheol i measc na bpáistí agus bíonn réimse scileanna ceoil acu.
Tar éis dóibh an cúrsa seo a chríochnaigh, beidh bunús láidir ceoil ag na daltaí agus beidh siad in ann uirlis a fhoghlaim.
Cumann Glee
Is rang amhránaíochta i ngrúpa é an Cumann Glee a chlúdaíonn roinnt gluaiseachta bhunúsach.
Trí ghníomhaíochtaí agus imeachtaí taitneamhacha ar a bhfuil struchtúr orthu, tagann feabhas ar gach páiste; teilgean, pitséail, friotal, cumas dlutharmóin a chanadh, análú agus raon.
Baintear úsaid as tionlacan sna ranganna seo agus faigheann gach páiste seans neart amhrán nuachumtha agus an-chuid sean-amhrán a chanadh.
Bíonn an-spéis ag páistí ó Rang 2 – Rang 6 sna ranganna seo. Maireann gach rang 50 nóiméad.
Ranganna Dírithe ar na hUirlisí
Cuirimid teagasc giotáir agus veidhlín ar fáil. An sprioc leis na ranganna ná feabhas a chur ar fheasacht theicniúil agus cheoil an dalta ar an uirlis atá á sheinm acu in áit spraíúil agus suaimhneach.
Tríd imeachtaí teicniúla, a bheith ag seinm in éineacht le tionlacan, amhráin agus píosaí ceoil, tagann fás ar mhúinín agus ar fheasacht an dalta léiriú a dhéanamh mar chuid de ghrúpa.
Is deis iontach iad na ranganna tús a chur le teagasc uirlise an pháiste. De ghnáth is ranganna seachtainiúla de 50 nóiméad agus le ochtar dalta ar an gcuid is mó.