“Beatha teanga í a labhairt”, mar a deir an seanfhocal…agus aontaímid go huile is go hiomlán leis. Ní hamháin go gcuirimid béim mhór ar chleachtadh ceoil ach cuirimid béim mór ar ár dteanga dhúchais a chleachtadh chomh maith. Cad é ár dteanga dhúchais? An Ghaeilge dar ndóigh!

Ó 2011, chuir ár bhfoireann ár gceardlann agus ár cláranna ar siúl i nGaelscoileanna, Gaelcholáistí agus Gaeltachtaí ar fud na tíre. Tá ainm faighte againn ag cuir na rudaí seo a leanas ar fáil: ‘Lá na nDrumaí’ agus ‘Can le Chéile’. Is í aidhm na gceardlanna fuinniúla, idirgníomhacha seo ná Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach dearfach agus spreagúil. Spreagann ár múinteoirí rannpháirtithe i gcónaí chun foghlaim tríd an teanga agus chun a gcuid scileanna labhartha a fhorbairt.

Bhíodh éileamh ag méadú i gceardlanna ceoil thar na mblianta beaga anuas le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Is é seo ceann de na bealaí is deise chun teanga agus cultúr na Gaeilge a chéiliúradh le gach duine ag foghlaim trí ghníomhíochtaí spraoiúla ag an am céanna. I ngach séisiúin, bíonn na daltaí ag foghlaim foclóir nua agus tugtar deiseanna dóibh na heiseamláirí a chleachtadh. Sa bhealach sin bíonn siad níos compordaí ag déanamh comhrá agus dá bharr sin, tagann feabhas ar a gcuid scileanna teanga.

Tabhair cuairt ar ár suíomh greasain i nGaeilge https://mobilemusicschool.ie/ga/ chun eolas breise a fháil. Má bhíonn aon cheist agat, téigh i dteagmháil le ball d’ár bhfoireann trínár bhfoirm teagmhála.